Acorus calamus
Sonraí | |
---|---|
Is foinse é an tacsón seo de | Calamus Oil (en) |
Planda | |
Cineál an toraidh | caor |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 168639 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Acorales |
Fine | Acoraceae |
Géineas | Acorus |
Speiceas | Acorus calamus L., 1753 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Planda ard bogach is ea Acorus calamus (ar a dtugtar freisin an feileastram cumhra[1] nó calamus). Is monacotailéadón é den fhine Acoraceae, sa ghéineas Acorus.
Cur síos
Luibh ilbhliantúil, 30 agus 100 cm ar airde is ea an feileastram cumhra. San ghnáthóg tá an luibh cosúil leis an inteachán. Tá sé comhdhéanta de thoim bhundhuilleogach a ardaíonn ó riosóm reatha. Bíonn na duilleoga ceartseasmhach, glasbhuí, radacach, le cumhdach bándearg a mboinn claíomh-chruthach, go réidh agus caol, ag barrchaolú isteach go dtí géarphointe fada, agus le féitheacha comhthreomhara. Bíonn imill réidh ar na duilleoga, agus is féidir iad a bheith corrach nó rocach. Is féidir an feileastram a idirdhealú go héasca ón Inteachán, agus ó phlandaí den chineál céanna, toisc go mbíonn imill neamhghnách rocach ag a chuid duilleog, toisc an boladh cumhra a astaíonn uaidh nuair a bhrúitear é, agus a spáide, an saghas bláthra speisialta a bhíonn aige.
Nótaí agus tagairtí
- ↑ ““Acorus calamus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.