Aigéad ascorbach
Is comhdhúil orgánach é aigéad ascorbach; Vitimín C a fhaightear den chuid is mó i dtorthaí citris, glasraí glasa agus prátaí. Feidhmíonn sé sa cholainn chun iomláine na bhfíochán a chaomhnú. Má tharlaíonn uireasa, beidh scorbach mar thoradh. Tairgtear go gcuirfidh dáileoga móra bac ar an slaghdán coiteann agus fiú ar ailse, ach níl fianaise láidir leis seo.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Aigéad ascorbach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 15.