Aingíne chléibh
![]() ![]() | |
Cineál | coronaropathy (en) ![]() ![]() ![]() |
---|---|
Speisialtacht leighis | cairdeolaíocht ![]() |
Cóireáil chliniciúil | |
Cógais diltiazem (en) ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() | |
Aicmiú | |
ICD-11 | BA40 ![]() |
ICD-10 | I20 ![]() |
ICD-9 | 413 ![]() |
CIAP | K74 ![]() |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0220078 ![]() |
DiseasesDB | 8695 ![]() |
MedlinePlus | 000198, 000201 agus 001107 ![]() |
eMedicine | 150215 ![]() |
MeSH | D000787 ![]() |
UMLS CUI | C0002962 ![]() |
Is éard is aingíne chléibh ann ná pianta sa chliabh, agus uaireanta sna gialla is an ghéag uachtarach chlé, agus an mothúchán go bhfuil sé á mhúchadh, a tharlaíonn do dhuine a dteipeann an soláthar ocsaigine do mhatáin an chroí air. Tarlaíonn an teip seo de bharr cúngú nó bac éigin in artaire corónach, mar shampla, de bharr plaice artaireascléaróisí.
Is é gnáthghnó artaire chorónaigh ar leith fuil ocsaiginithe, agus mar sin ocsaigin, a sholáthar do chuid ar leith de mhatán an chroí. Tarlaíonn an phian seo tar éis roinnt aclaíochta den chuid is mó, agus cuirtear chun suain é le babhta scíthe. Déanann córacha leighis atá bunaithe ar níotráit, ina measc nítriglicirín, matáin an chroí a bhogadh is na fuileadáin iontu a leathadh amach ionas go dtugann siad faoiseamh sciobtha ar aingíne chléibh. Tá córacha leighis ann, na béite-bhlocálaithe, a fheidhmíonn i gcoinne aidréanailín (hormón a thálann an croí go nádúrtha chun bualadh an chroí a thapú) agus mar sin a mhoillíonn an croí is a laghdaíonn gá ocsaigine an chroí. Uaidh sin, tugann siad faoiseamh ar na pianta seo.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Aingíne chléibh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 24.