Airm ollscriosta
Is éard atá i gceist le hairm ollscriosta[1] ná airm ar féidir scrios leathan fisiciúil a dhéanamh agus líon ollmhór daoine a mharú leo. Cuimsíonn siad airm núicléacha, bhitheolaíocha, cheimiceacha is raideolaíocha.
- Sna hairm núicléacha, tá buamaí adamhacha is hidrigine.
- Sna hairm bhitheolaíocha, tá úsáid na ngalar cosúil le hantracs, an tocsain ispínis, an rícín, an plá is an bholgach.
- Sna hairm cheimiceacha, tá an gás mustaird, saraín, VX, sómaín agus tábún, srl.
- Cuimsíonn an hairm raideolaíocha buamaí salacha ina bhfuil ábhair radaighníomhacha. Tháinig siad chun aire an phobail i 2002-2003 leis an líomhain bhréagach go raibh a leithéid ag an Iaráic, mar chúis le cogadh a dhéanamh ar an tír sin.[2]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ ““airm ollscriosta” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-30.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Airm ollscriosta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 27.