An Laghairt

An Laghairt
an Laghairt
an Laghairt
Ainm Laidine (IAU)Lacerta
NodLac
Ginideach LaidineLacertae
Siombalaíochtan laghairt
Dronairde22.5 h
Diallas45°
Achar201 céim cearnach
Céim 68ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
0
Réalta is gileα Lacertae
(méid 3.8)
DreigecheathannaDada
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −35°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Deireadh Fómhair an infheictheacht is fearr

an Laghairt ar cheann de na 88 réaltbhuíon oifigiúla a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo. Is é Lacerta, a chiallaíonn laghairt, an t-ainm Laidine a thugtar uirthi. Níor áirigh Tolamaes í ar chatalóg na 48 лог штиль ты мой г но к шшш ничего не seanréaltbhuíon a dhréachtaigh sé sa dara haois. Is amhlaidh gur chruth an réalteolaí Johannes Hevelius í sa bhliain 1687, nó i dtrátha na bliana sin. Níl aon réalta gheal ar an réaltbhuíon seo, ná aon réalt ainmnithe, ná aon réad Messier, ná aon réaltra ar méid níos gile ná 12.2, ná aon réaltbhraisle chruinneogach. De bhrí sin, is deacair an réaltbhuíon seo a aimsiú ar spéir na hoíche, cé go dtéann Bealach na Bó Finne tríd an gcuid is faide ó thuaidh. Tá an Laghairt suite idir an Eala, Caiseoipé agus Andraiméide i dtuaisceart an sféir NC я так понимаю что ты мне подаришь не так как все говорят что у нас тихо и так не так как ты хочешь чтобы это случилось в моей жизни как ты себя представляешь как

Príomhghnéithe

  • α Lac: tá an réalta phríomhsheicimh seo ar aicme speictreach A1 V, agus ar méid dhealraitheach 3.77. Níl réalt ar bith eile ar an Laghairt níos gile ná an ceathrú méid. Is réada dhúbailte optúil í α Lac.
  • Roe 47: ilréalta agus cúig chomhbhall aice (ar méid 5.8, 9.8, 10.1, 9.4, 9.8),

Réada suntasacha domhainspéire

  • NGC 7243: réaltbhraisle oscailte amuigh is istigh ar méid 6.4.
  • IC 5217: is deacair an réaltnéal pláinéadach seo a aimsiú. Tá sé ar achar dealraitheach 6 faoin 8 soicind stua agus amuigh is istigh ar méid chomhtháite 12.
  • BL Lacertae: aimsíodh go luath an réad seo; i 1926 fuair Cuno Hoffmeister amach go raibh sé athraitheach, agus mar sin de tugadh ainm réalta athraithí air. Ach ní réalta atá ann ar chor ar bith, ach núicléas réaltrach gníomhach, is é sin le rá croí réaltra. Thug sé a ainm do rang iomlán réada neamhaí, réada BL Lacertae (fo-rang bléasar.) Comhathraíonn amharcmhéid an réada seo ó 12.4 go 17.2 ar feadh tréimhse cúpla lá.

Stair agus Miotaseolaíocht

Sular thug Johannes Hevelius an t-ainm Lacerta ar an réaltbhuíon seo, b'iomaí ainm eile a moladh do cheantar seo na spéire, ina measc Sceptrum (an Ríshlat) agus Frederici Honores (Glóir Fheardorcha, ainmnithe as Feardorcha Mór na Prúise). Ar mbeith ina réaltbhuíon nua-aimseartha di, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht leis an Laghairt.

an Laghairt sa litríocht

San úrscéal ficsin eolaíochta Diaspora le Greg Egan, is ó réaltbhuíon na Laghairte a thagann an tonn mhór thurrainge – imbhualadh dhá neodrónréalta faoi deara í - is cúis le díobhadh gach saghas beatha ar fud an Domhain.

Réaltaí

Féach fosta

Sonraí réaltmhéadracha ag baint leis an Laghairt

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


Réaltbhuíonta a thug isteach Johannes Hevelius sa téacs Firmamentum Sobiescianum sa bhliain 1690

na Madraí Fiaigh | an Laghairt | an Leon Beag | an Lincse | an Sciath | an Seiseamhán | an Sionnach| Ceirbearas | Sliabh Maenalas | an Triantán Beag


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir