An Mhordóiv
An Mhordóiv | |||||
---|---|---|---|---|---|
Мордовия Республикась (mdf) Мордовия Республикась (myv) Республика Мордовия (ru) | |||||
|
|||||
Aintiún | Amhrán náisiúnta Phoblacht na Mordóive (30 Márta 1995) | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Rúis | ||||
Príomhchathair | Saransk | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 778,965 (2021) | ||||
• Dlús | 29.73 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Rúisis Moksha (en) Erzya (en) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Rúis na hEorpa Volga Federal District (en) | ||||
Achar dromchla | 26,200 km² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Mordovian Autonomous Soviet Socialist Republic (en) | ||||
Cruthú | 25 Nollaig 1993 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Head of the Republic of Mordovia (en) | Artem Zdunov (en) (2020–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | RU-MO | ||||
OKTMO ID (en) | 89000000 | ||||
OKATO ID (en) | 89 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | e-mordovia.ru |
Poblacht chónaidhme de chuid na Rúise is ea an Mhordóiv.
Tíreolaíocht
- Achar: 26,200 km²
- Teorainneacha:
- Teorainneacha inmheánacha:Cúige Nizhny Novgorod (Thuas), An tSuvais (Thoir), Cúige Ulyanovsk (Thoir), Cúige Penza (Theas), Cúige Ryazan (Thiar)
- An ball is airde sa Phoblacht: 324 m (áit gan ainm atá suite ar chrosbhóthar idir Bolshoy Maresev, Mokshaley, Pyaigiley agus Picheury)
Crios Ama
Tá an Mhordóiv suite i gcrios ama Moscó (MSK/MSD).
Aibhneacha
Tá níos mó ná 114 abhainn sa Mhordóiv. Seo iad na príomhaibhneacha a leanas:
- Abhainn Alatyr
- Abhainn Issa
- Abhainn Mhoicse
- Abhainn Satis
- Abhainn Sivin
- Abhainn Suva
- Abhainn Vad
Lochanna
Tá timpeall cúig chéad loch sa phoblacht.
Acmhainní nádúrtha
Tá móin, uisce mianraí agus acmhainní eile le fáil sa Mhordóiv.
Aeráid
- Meánteocht i Mí Eanáir: −11 °C
- Meánteocht i Mí Iúil: +19 °C
- Meán-bháisteach: ~500 mm
Na hAonaid Riaracháin
Tá Poblacht na Moldóive roinnte ina 22 réigiún. Féach Aonaid Riaracháin na Moldóive.
Pobal
- Daonra: 888,766 (2002)
- sna cathracha: 531,478 (59.8%)
- faoin tuath: 357,288 (40.2%)
- Fir: 408,556 (46.0%)
- Mná: 480,210 (54.0%)
- Meánaois: 38.7 bliain
- sna cathracha: 36.8 bliain
- faoin tuath: 41.3 bliain
- Fir: 35.9 bliain
- Mná: 41.2 bliain
- Buntoisí (2005)
- Breitheanna: 7,394 (ráta beireatais 8.6)
- Básanna: 14,823 (ráta báis 17.2)
- Dreamanna eitneacha
Ainm Rúiseach is ea "na Mordóvaigh" agus é ag tagairt do dhá dhream eitneacha éagsúla, mar atá, na hÉarsaigh agus na Moicsigh. Dá réir sin, tá dhá theanga ag na Mordóvaigh, an Éarsais agus an Mhoicsis, agus níl siad intuigthe go rómhaith ag cainteoirí a chéile. Tá gaol sách dlúth acu le chéile, áfach, agus is minic a ghlactar leis gur canúintí iad agus gur chóir iad a nascadh dá chéile mar aon teanga amháin, an Mhordóivis.
De réir dhaonáireamh na Rúise sa bhliain 2002, is Rúisigh iad an chuid is mó den daonra (60.8%). Mordóvaigh iad 31.9% den daonra. An chuid eile de mhuintir na poblachta, is Tataraigh agus Úcránaigh iad.
daonáireamh 1939 | daonáireamh 1959 | daonáireamh 1970 | daonáireamh 1979 | daonáireamh 1989 | daonáireamh 2002 | |
---|---|---|---|---|---|---|
Mordóvaigh | 405,031 (34.1%) | 357,978 (35.8%) | 364,689 (35.4%) | 338,898 (34.2%) | 313,420 (32.5%) | 283,861 (31.9%) |
Rúisigh | 719,117 (60.5%) | 590,557 (59.0%) | 606,817 (58.9%) | 591,212 (59.7%) | 586,147 (60.8%) | 540,717 (60.8%) |
Tataraigh | 47,386 (4.0%) | 38,636 (3.9%) | 44,954 (4.4%) | 45,765 (4.6%) | 47,328 (4.9%) | 46,261 (5.2%) |
Úcránaigh | 7,586 (0.6%) | 6,554 (0.7%) | 6,033 (0.6%) | 5,622 (0.6%) | 6,461 (0.7%) | 4,801 (0.5%) |
Grúpaí eile | 8,884 (0.7%) | 6,468 (0.6%) | 7,069 (0.7%) | 8,012 (0.8%) | 10,148 (1.1%) | 13,126 (1.5%) |
Oideachas
Is iad na scoileanna ardoideachais is tábhachtaí sa phoblacht ná Ollscoil Stáit na Mordóive agus Institiúid Oideolaíochta Stáit na Moldóive i Saransk.