Ankylosaurus
![]() ![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Príomhfhoinse bia | luibhiteoir ![]() |
Fad | 8 m ![]() |
Mais | 6 t ![]() |
Tréimhse ama | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Reptilia |
Ord | Ornithischia |
Fine | Ankylosauridae |
Fofhine | Ankylosaurinae |
Géineas | Ankylosaurus ![]() Brown, 1908 |
Méid | |
![]() |
Ba dhineasár mór ceathairchosach é an Ankylosaurus (Gaeilge: ancalasár).[1] Ba é an ball is mó dá mhuintir é. Bhí sé armúrtha go láidir le plátaí dronuilleogacha cnámhacha ar feadh na colainne is an eireabaill. Bhí a cheann beag, le fiacla laghdaithe nó as láthair. Bhí cleith mór ag críoch a eireabaill; baineadh úsáid as seo chun é féin a chosaint ó chreachadóirí. D'itheadh sé fásra agus bhí cónaí air i Meiriceá Thuaidh, agus bhí sé ag maireachtáil le Trícheireatóp agus Tyrannosaurus rex. Faightear iarsmaí de ón tréimhse Chailceach i Meiriceá Thuaidh.[2]
Tagairtí
- ↑ ““ancalasár” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-13.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ancalasár". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 39.