Polaiteoir Iodálach is ea Antonio Tajani. Do rugadh é i gcathair na Róimhe ar an 4ú lá de Lúnasa sa bhliain 1953. Duine de bhunaitheoirí an pháirtí polaitíochta Forza Italia ab ea é agus tá sé ina Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa ón mbliain 2017 amach.