Beith gheal
Betula pendula | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | birch leaf (en) agus silver birch (en) |
Planda | |
Cineál an toraidh | nucule (en) |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 62535 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Fagales |
Fine | Betulaceae |
Géineas | Betula |
Speiceas | Betula pendula Roth, 1788 |
Ainmníocht | |
Ainm comhchiallach an tacsóin | |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Is cineál beithe caoile cuanna gearrshaolaí a fhásann 15-18 m in airde, le coirt shonrach airgeadbhán, í an bheith gheal.[1] Dúchasach don Eoraip, de ghnáth na réigiúin fhuara. Fástar go minic mar mhaisiúchán í.
Crann duillsilteach í an bheith gheal. Tá coirt mheathbhán air a mbíonn cuma an airgid air faoi sholas áirithe. Tá craobhacha dea-chumtha, cromtha uirthi agus tagann bláthanna, no caitíní, uirthi i mí Aibreáin nó i mí na Bealtaine. As siocair go mbíonn na caitíní ann go luath sa samhradh, tá ceangal i luath-bhéaloideas na hÉireann idir an bheith gheal agus an ghrian. Samhlaítear an bheith gheal le breith, leis an óige, agus le glaineacht chomh maith. Is ón fhocal “beith” a thagann an chéad chonsan san oghamchraobh (aibítir oghaim). San Fhéineachas, bhain an bheith leis an aicme crann ar a dtugtaí ‘aithig fedo’, is é sin ‘tuathánaigh na coille’. In Éirinn, bhaintí úsáid as an mbeith le scuaba a dhéanamh agus bhíodh an choirt in úsáid le súdaireacht a dhéanamh.[2]
Tagairtí
- ↑ ““Betula pendula” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Beith gheal". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 71.