Bultúr gríofa
Gyps fulvus | |
---|---|
Sonraí | |
Mais | 252 g (meáchan breithe) 8.328 kg (meáchan fásta) |
Réise sciathán | 2.591 m |
Meánlíon in ál | 1 |
Tréimhse ghoir | 54 laethanta |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 22695219 |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Accipitriformes |
Fine | Accipitridae |
Géineas | Gyps |
Speiceas | Gyps fulvus Hablitz, 1783 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Badhbh den Seandomhan atá dúchasach do dheisceart na hEorpa, an Afraic is deisceart na hÁise is ea an bultúr gríofa (Gyps fulvus).[1] Tugtar an bultúr gríofa Eoráiseach air freisin, chun idirdhealú a dhéanamh le speicis eile sa ghéineas Gyps ar a dtugtar bultúr gríofa chomh maith.[2] Níl cleití fada ar an gceann ná an muineál. Áitríonn sí tír oscailte. Itheann sí conablaigh mamach mór, suas le ceathrú dá meáchan féin i mbéile amháin. De ghnáth bíonn cuid mhaith díobh i láthair má bhíonn a leithéid ar fáil.[3]
Tagairtí
- ↑ ““Gyps fulvus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
- ↑ ““bultúr gríofa Eoráiseach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Badhbh gríofa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 58.