Bundúchasaigh na hAstráile
![]() | |
Cineál | daonra agus pobal bundúchasach |
---|---|
Daonra iomlán | 798,400 (2016) ![]() |
Teanga | teangacha Bundúchasacha na hAstráile agus Béarla |
Creideamh | an Chríostaíocht, díreiligiún agus Australian Aboriginal mythology (en) ![]() |
Tíreolaíocht | |
Ó dhúchas | an Astráil agus Torres Strait Islands (en) ![]() |
Pobal dúchasach na hAstráile iad Bundúchasaigh na hAstráile.[1]
Tá Bundúchasaigh ina gcónaí san Astráil le breis is 40,000 bliain, fiú amháin 50,000.[2] Tá a gcuid nósanna, creideamh agus ealaíne féin forbartha acu thar na blianta. San am atá thart bhí níos mó ná 500 treibh de Bhundúchasaigh ann.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/bc/1981_event_Australian_aboriginals.jpg/220px-1981_event_Australian_aboriginals.jpg)
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/6f/Governor_Thomas_Davey_1816_proclamation_to_aborigines.jpg/220px-Governor_Thomas_Davey_1816_proclamation_to_aborigines.jpg)
Cultúr
Mhair na Bundúchasaigh go suaimhneach síochánta agus bhí nasc láidir acu leis an talamh agus leis an gcomhshaol nádúrtha. B’fhiagaithe-cnuasaitheoirí (sealgairí agus cruinnitheoirí) iad. Creideann siad gur cruthaíodh an domhan in am ar a dtugann siad an ‘Dreamtime’.[3]
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/ff/Nourlangie_Rock_Art_1.jpg/220px-Nourlangie_Rock_Art_1.jpg)
Is iad seo na hainmneacha a bhí orthu
- Eora a bhí ar an treibh ó Sydney,
- Bidgigal a bhí ar na daoine idir na hAibhneacha Cooks agus Georges,
- Gweagal a bhí ar na daoine ar an taobh theas de chuar na bá, agus
- Kameygal a bhí ar na daoine ar an taobh thuaidh de chorrán na bá.
Stair
Tá cónaí ar mhuintir dhúchasach na hAstráile ann, le ar a laghad 40,000 bliain, nó suas le 50,000 bliain fiú.[2] Lonnaigh na hEorpaigh san Astráil ón mbliain 1788 ar aghaidh. Bhí idir 4,000 agus 8,000 duine dúchasacha ina gcónaí sa cheantar Sydney nuair a tháinig Arthur Phillip agus an chéad loingeas i 1788.
Nuair a tháinig daoine ar ór san 1850idí, tháinig lonnaitheoirí nua agus bhrúigh siad na Bundúchasaigh den talamh. Pobal tuaithe fáin (bhog siad ó áit go háit go leanúnach) a bhí sna Bundúchasaigh ar dtús, agus cónaíonn breis is 60% díobh i gceantair chathrach nó i mbailte anois. Tá cultúr agus féiniúlacht láidir ag Bundúchasaigh na hAstráile. Tá níos lú ná 260,000 Bundúchasach ann sa bhliain 2016.[3]
Polaitíocht
Ar an 12 Feabhra 2008, mhol Príomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, rún inar ghabh sé leithscéal oifigiúil le Bundúchasaigh na hAstráile.
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ COGG (https://www.cogg.ie/wp-content/documents/merged_document%20smto4.pdf).+"Bundúchasaigh na hAstráile".
- ↑ 2.0 2.1 The Australian Museum. "When did modern humans get to Australia?" (en). The Australian Museum. Dáta rochtana: 2023-09-18.[nasc briste go buan]
- ↑ 3.0 3.1 COGG. "An Astráil". Dáta rochtana: 2023.[nasc briste go buan]