Bunreacht Chónaidhm na Rúise
Cineál | bunreacht ![]() | ||
---|---|---|---|
Cuid de | law of the Russian Federation (en) ![]() ![]() | ||
Údar | Sergey Shakhray, Sergei Alexeyev, Anatoly Sobchak agus Constitutional Conference of the Russian Federation (en) ![]() ![]() | ||
Dáta foilsithe | 25 Nollaig 1993 ![]() | ||
Teacht i bhfeidhm | 25 Nollaig 1993 ![]() | ||
Tír | an Rúis ![]() | ||
Baint le limistéar údaráis | an Rúis ![]() | ||
Teanga an tsaothair nó an ainm | an Rúisis ![]() | ||
Seánra | litríocht reiligiúnach ![]() | ||
Cúis | 1993 Russian constitutional crisis (en) ![]() ![]() | ||
Saothar iomlán ar fáil ag URL | constitution.kremlin.ru ![]() | ||
Suíomh gréasáin | constitution.ru ![]() |
Glacadh le Bunreacht reatha Chónaidhm na Rúise (Rúisis: Конституция Российской Федерации) i reifreann náisiúnta an 12 Nollaig 1993. Tháinig bunreacht na Rúise i bhfeidhm an 25 Nollaig 1993, ón nóiméad a foilsíodh é go hoifigiúil. Ghlac sé ionad iar-Bhunreachta Shóivéadaigh an 12 Aibreán 1978 de chuid Phoblacht Shóivéadach Fheidearálach Shóisialach na Rúise i ndiaidh ghéarchéim bhunreachtúil na Rúise sa bhliain 1993.
As na vótálaithe cláraithe uile, ghlac 58,187,755 duine (nó 54,8%) páirt sa reifreann. Vótáil 32,937,630 (54,5%) díobh i bhfabhar ghlacadh an Bhunreachta.
Dearbhú Glactha
Dearbhú Glactha:
- "Táimid, daoine ilnáisiúnta Chónaidhm na Rúise, atá aontaithe ag comhchinniúint ar ár dtalamh, ag bunú chearta an duine agus saoirsí, síochána sibhialta agus comhaontaithe, ag coimeád aontacht an stáit a bunaíodh go stairiúil, ag gabháil ar aghaidh le prionsabal an chomhionannais agus prionsabal fhéinchinntiúchán na ndaoine, a dtugtar d'aitheantas dóibh go huilíoch, ag tabhairt urraime do chuimhne na sinsearach atá tar éis grá don Mháthairthír agus creideamh sa mhaith agus sa cheart a chur in iúl dúinn, ag athbhunú neamhspleáchas ardcheannasach na Rúise agus ag dearbhú neart a boinn dhaonlathaigh, ag déanamh ár ndícheall chun leas agus rathúnas na Rúise a chinntiú, ag gabháil ar aghaidh le freagracht as ár Máthairthír a bhí ann roimh an nglúin láithreach agus na glúine atá le teacht, ag tabhairt aitheanta dúinnse mar chuid de phobal an domhain, tar éis Bunreacht Chónaidhm na Rúise a ghlacadh."
Struchtúr
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/8d/Inauguration_of_Dmitry_Medvedev%2C_7_May_2008-15.jpg/220px-Inauguration_of_Dmitry_Medvedev%2C_7_May_2008-15.jpg)
Tá an bunreacht roinnte ina dhá chuid.
Cuid a hAon
- Bunúsaigh an Chórais Bhunreachtúil
- Cearta agus Saoirsí an Duine agus an tSaoránaigh
- An Córas Cónaidhmitheach
- Uachtarán Chónaidhm na Rúise
- Tionól na Cónaidhme
- Rialtas Chónaidhm na Rúise
- Na Breithiúna
- Féinrialtas Áitiúil
- Leasuithe agus Athchóirithe Bunreachta
Cuid a Dó
- Forálacha Deiridh agus Idirthréimhseacha