Calar
Galar is ea an calar arb é an baictéar úd Vibrio cholerae is cúis leis. Ionfhabhtú géar don chonair ghastraistéigeach is ea an calar, agus tolgtar é trí uisce truaillithe a ól.[1]
Cuireann na baictéir tús le buinneach fhlúirseach uisciúil a ídíonn an t-uisce is na leictrilítí sa cholainn an oiread sin, agus chomh tapa sin, go dtarlaíonn turraing do dhuine agus bás taobh istigh de lá nó dhó.
Leigheas
Is iad príomh-airíonna an chalair ná a lán buinneach uisciúil agus urlacan. Féadann déine na buinní agus urlacain díhiodráitiú tapa agus éagothromaíocht leictrilít a thabhairt.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/2d/Cholera_395.1.jpg/220px-Cholera_395.1.jpg)
Is í an chóireáil phríomhúil ná ath-hiodráitiú béil agus más rud é nach bhfuil seo inghlactha, sreabhán infhéitheach a thabhairt.
Má chuirtear dóthain sreabhán colainne ar ais is féidir go dtiocfaidh duine chuige féin arís.
Bíonn antaibheathaigh tairbheach dóibh siúd a bhfuil galar trom orthu.
Is minic a ghoilleann an calar ar an stéig bheag.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/8c/Cholera.png/220px-Cholera.png)
Eipidéimeolaíocht
Tarchuirtear an calar go príomha trí uisce. Téann an calar i gcion ar 3-5,000,000 ar fud an domhain agus faigheann 100,000-130,000 duine bás in aghaidh na bliana ó 2010 i leith. Bhí an calar ar cheann de na hionfhabhtuithe is luaithe a ndearnadh staidéar orthu trí mhodhanna eipidéimeolaíocha.
Tagairtí
- ↑ Matt Hussey (2011). "[coiscéim.ie Fréamh an Eolais]".