Réalteolaí agus réaltfhisiceoir Bhriotanach-Mheiriceánach ab ea Cecilia Helena Payne-Gaposchkin (née Payne, 10 Bealtaine1900 - 7 Nollaig1979). Dúirt sí ina tráchtas dochtúireachta (1925) go raibh i bhfad níos mó hidrigin agus héiliam sa grian ná mar a bhí sa Domhan, tuairim a dhiúltaigh formhór na heolaithe dó ar dtús. I Wendover, Buckinghamshire, Sasana, a rugadh í agus fuair sí bás in Cambridge, Massachusetts. Bhí saoránacht an dá thír aici.
Thug Cecilia Payne faoi thráchtas dochtúireachta a scríobh agus sa bhliain 1925 ba ise an chéad duine dar bronnadh PhD in réalteolaíocht ó Choláiste Radcliffe uirthi. (Coláiste do mhná a bhí ceangailte le Ollscoil Harvard ab ea Radcliffe.) Is é an teideal a bhí ar an tráchtas ná Stellar Atmospheres: A Contribution to the Observational Study of High Temperature in the Reversing Layers of Stars.[1]
Tagairtí
↑Gregerson, Erik. "Cecilia Payne-Gaposchkin" Encyclopædia Britannica