Ciorrú ball giniúna ban
![]() ![]() | |
Cineál | genital modification (en) ![]() ![]() ![]() |
---|---|
Acmhainní seachtracha | |
MeSH | D019093 ![]() |
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/c3/Campaign_road_sign_against_female_genital_mutilation_%28cropped%29_2.jpg/220px-Campaign_road_sign_against_female_genital_mutilation_%28cropped%29_2.jpg)
Meastar go bhfuil 200 milliún bean ar domhan, idir chailíní agus mhná, ar ndearnadh Ciorrú ball giniúna ban[1] nó Ciorrú baill ghiniúna ban[2] orthu, de réir staitisticí na hEagraíochta Domhanda Sláinte[3]. Déantar an gníomh seo ar chailíní agus iad faoi bhun 15 bliana d’aois de ghnáth.
Modhanna
In amanna baintear an brillín nó déantar páirtshéalú ar an labia[4]. Déantar é go minic faoi choinníollacha míshláinteacha agus de ghnáth ar chailíní in aois 5-8.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/94/No-FGM.svg/220px-No-FGM.svg.png)
Ní bhaineann buntáiste leighis ar bith leis. D’fhéadfadh an gníomh seo a bheith ina chúis le hiarmhairtí fisiciúla nó síceolaíocha ar feadh an tsaoil.
Stair
Is nós é atá níos sine ná an Chríostaíocht agus an tIoslam araon. Cé nach bhfuil baint aige leis an reiligiún, tá baint dhíreach aige leis an bpatarcacht, agus is bealach é ciorrú baill ghiniúna ban chun smacht a fháil ar choirp agus ar ghnéasacht na mban.
Inniu.déantar ciorrú ar bhaill ghiniúna ban i roinnt tíortha, san Afraic go háirithe.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/e2/Doussou_Konate_%288591360901%29.jpg/220px-Doussou_Konate_%288591360901%29.jpg)
Polaitíocht
- Chuir an rialtas Trump deireadh a chur le maoiniú i gcomhair eagraíochtaí a thacaíonn leis an gceart chun ginmhillte sa bhliain 2017[5].
- Sa Rúis, dí-choiríodh foréigean baile sa bhliain 2017[6].
- Ritheadh go leor rún sa Pharlaimint na Eorpa inar cáineadh ciorrú baill ghiniúna ban agus an foréigean in aghaidh na mban i gcoitinne[7]. Foilsíodh straitéis AE sa bhliain 2013 i dtaca le deireadh a chur leis an gcleachtas.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/a1/2013_Female_Genital_Mutilation_Cutting_FGM_World_Map_UNICEF.jpg/330px-2013_Female_Genital_Mutilation_Cutting_FGM_World_Map_UNICEF.jpg)
Dlí
Tá an cleachtas in aghaidh an dlí san Aontas Eorpach ach déantar é ar chailíní óga ó chúlra inimirce. Meastar go ndearnadh ciorrú ar bhaill ghiniúna leathmhilliún bean san Eoraip[9].
Agóid
Ceiliúrtar an Lá Idirnáisiúnta na Neamhfhulaingthe ar Chiorrú Ball Giniúna Ban[10] ar an 6 Feabhra gach bliain.[11]
Téama 2020ː Deis a thabhairt do chumhacht an aosa óig
Téama 2021ː Níor cheart gur thráth na faillí domhanda é: aontaítear agus gníomhaítear agus maoinítear gníomhaíocht chun deireadh a chur le ciorrú ball giniúna baineann.
Tagairtí
- ↑ ""ciorrú ball giniúna ban"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-06.
- ↑ "ciorrú baill ghiniúna ban - Aistriúchán Gaeilge ar ciorrú baill ghiniúna ban (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2021-02-06.
- ↑ Parlaimint na hEorpa, agallamh le Malin Björk, feisire AE, 6 Feabhra 2017
- ↑ "Rinneadh ciorrú baill ghiniúna ar leathmhilliún bean san Aontas Eorpach | Nuacht | Parlaimint na hEorpa" (ga). www.europarl.europa.eu (2018-01-25). Dáta rochtana: 2021-02-06.
- ↑ Sarah Wildman (2017-04-04). "Women and children last: Trump strips global family planning organization of US funds" (en). Vox. Dáta rochtana: 2021-02-06.
- ↑ Russia decriminalises some forms of domestic violence, 28 Eanáir 2017, Irish Times
- ↑ "Procedure File: 2017/2936(RSP) | Legislative Observatory | European Parliament". oeil.secure.europarl.europa.eu. Dáta rochtana: 2021-02-06.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Téama 2021". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Rinneadh ciorrú baill ghiniúna ar leathmhilliún bean san Aontas Eorpach | Nuacht | Parlaimint na hEorpa" (ga). www.europarl.europa.eu (2018-01-25). Dáta rochtana: 2021-02-06.
- ↑ ""Lá Idirnáisiúnta na Neamhfhulaingthe ar Chiorrú Ball Giniúna Ban"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-06.
- ↑ AE @Europarl_GA (6 Feabhra 2019). "Físeán ar Twitter". Dáta rochtana: 2021.