Cluichí Oilimpeacha
Is eachtra spóirt idirnáisiúnta iad na Cluichí Oilimpeacha a bhíonn ar siúl gach ceithre bliana. Imrítear go leor spórt éagsúla sna cluichí, agus tá cluichí ar leith ann do spóirt an tSamhraidh agus spóirt an Gheimhridh. Bunaíodh na Cluichí Oilimpeacha in Oilimpia na Sean-Ghréige, agus athbhunaíodh iad arís sa Fhrainc ag deireadh an 19ú haois.
Sa lá inniu, is é Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha a eagraíonn na cluichí nua-aimseartha.
Éire
Ba faoi ainm na Breataine a rinne Éireannaigh iomaíocht ag Cluichí Oilimpeacha na hAithne sa bhliain 1896, i bPáras i 1900 agus in St. Louis i 1904.[1]
Faoin am a dtáinig 1908 bhí roinnt de lúthchleasaithe na hÉireann ag éileamh go bhfaigheadh siad cead iomaíochta ar son a dtíre féin. Diúltaíodh dóibh, ach nuair a bhuail faitíos an lucht eagair go ndéanfadh na hÉireannaigh baghcat ar an ócáid, thoiligh siad ‘Great Britain and Ireland’ a thabhairt ar an bhfoireann. Ceadaíodh foireann haca agus foireann póló de chuid na tíre seo sa gcomórtas freisin mar chuid den réiteach.
Cé nár shásaigh sin chuile dhuine bhí roinnt áithrid Éireannach a bhí sásta dul san iomaíocht agus faoin am a raibh na Cluichí thart bhí 23 bonn Oilimpeach buaite ag lúthchleasaithe a saolaíodh sa tír seo.
Na cluichí nua-aimseartha
Sa tábla seo tá sonraí na gcluichí ó 1896 (nuair a athbhunaíodh na cluichí) go dtí na cluichí is déanaí, chomh maith leis na cluichí atá deimhnithe as seo amach. Cealaíodh na cluichí i 1916, 1940 agus 1944 mar gheall ar na cogaí domhanda a bhí ar siúl.
Bliain | Cluichí an Oilimpiaid (Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh) | Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh | ||||
---|---|---|---|---|---|---|
Cluichí | Óstchathair | Tír | Cluichí | Óstchathair | Tír | |
1896 | I | An Aithin (1) | An Ghréig (1) | |||
1900 | II | Páras (1) | An Fhrainc (1) | |||
1904 | III | St. Louis (1) | S.A.M. (1) | |||
1906 | Idirsháite | An Aithin | An Ghréig | |||
1908 | IV | Londain (1) | An Ríocht Aontaithe (1) | |||
1912 | V | Stócólm (1) | An tSualainn (1) | |||
1916 | VI | Beirlín (cealaithe, CCD) | An Ghearmáin (cealaithe) | |||
1920 | VII | Antwerpen (1) | An Bheilg (1) | |||
1924 | VIII | Páras (2) | An Fhrainc (2) | I | Chamonix (1) | An Fhrainc (1) |
1928 | IX | Amstardam (1) | An Ísiltír (1) | II | St Moritz (1) | An Eilvéis (1) |
1932 | X | Los Angeles (1) | S.A.M. (2) | III | Lake Placid, Nua-Eabhrac (1) | S.A.M. (1) |
1936 | XI | Beirlín (1) | An Ghearmáin (1) | IV | Garmisch-Partenkirchen (1) | An Ghearmáin (1) |
1940 | XII | Heilsincí (cealaithe, DCD) | An Fhionlainn (cealaithe) | (V) | Garmisch-Partenkirchen (cealaithe) | An Ghearmáin (cealaithe) |
1944 | XIII | Londain (cealaithe, DCD) | An Ríocht Aontaithe (cealaithe) | (V) | Cortina d'Ampezzo (cealaithe) | An Iodáil (cealaithe) |
1948 | XIV | Londain (2) | An Ríocht Aontaithe (2) | V | St Moritz (2) | An Eilvéis (2) |
1952 | XV | Heilsincí (1) | An Fhionlainn (1) | VI | Osló (1) | An Iorua (1) |
1956 | XVI | Melbourne (1) + Stócólm (2)(1) | An Astráil (1) + An tSualainn (2) | VII | Cortina d'Ampezzo (1) | An Iodáil (1) |
1960 | XVII | An Róimh (1) | An Iodáil (1) | VIII | Squaw Valley, California (1) | S.A.M. (2) |
1964 | XVIII | Tóiceo (1) | An tSeapáin (1) | IX | Innsbruck (1) | An Ostair (1) |
1968 | XIX | Cathair Mheicsiceo (1) | Meicsiceo (1) | X | Grenoble (1) | An Fhrainc (2) |
1972 | XX | München (1) | An Ghearmáin (2) | XI | Sapporo (1) | An tSeapáin (1) |
1976 | XXI | Montréal, Québec (1) | Ceanada (1) | XII | Innsbruck (2) | An Ostair (2) |
1980 | XXII | Moscó (1) | An tAontas Sóivéadach (1) | XIII | Lake Placid, Nua-Eabhrac (2) | S.A.M. (3) |
1984 | XXIII | Los Angeles, California (2) | S.A.M. (3) | XIV | Sairéavó (1) | An Iúgslaiv (1) |
1988 | XXIV | Seoul (1) | An Chóiré Theas (1) | XV | Calgary, Alberta (1) | Ceanada (1) |
1992 | XXV | Barcelona (1) | An Spáinn (1) | XVI | Albertville (1) | An Fhrainc (3) |
1994 | XVII | Lillehammer (1) | An Iorua (2) | |||
1996 | XXVI | Atlanta, Georgia (1) | S.A.M. (4) | |||
1998 | XVIII | Nagano (1) | An tSeapáin (2) | |||
2000 | XXVII | Sydney (1) | An Astráil (2) | |||
2002 | XIX | Cathair Salt Lake, Utah (1) | S.A.M. (4) | |||
2004 | XXVIII | An Aithin (2) | An Ghréig (2) | |||
2006 | XX | Torino (1) | An Iodáil (2) | |||
2008 | XXIX | Béising (1)(2) | Daon-Phoblacht na Síne (1) | |||
2010 | XXI | Vancouver, Colóim Bhriotanach (1) | Ceanada (2) | |||
2012 | XXX | Londain (3) | An Ríocht Aontaithe (3) | |||
2014 | XXII | Sochi | Cónaidhm na Rúise (1) | |||
2016 | XXXI | Rio de Janeiro | An Bhrasaíl | |||
2018 | XXII | Pyeongchang | An Chóiré Theas (1) | |||
2020 | XXXII | Tóiceo | An tSeapáin | |||
2022 | XXIII | Béising | Daon-Phoblacht na Síne (1) | |||
2024 | XXXIII | Páras (3) | An Fhrainc (3) | |||
2026 | XXV | |||||
2028 | XXXIV | Los Angeles, California (3) | S.A.M. (4) |
Féach freisin
- Cluichí Oilimpeacha
- Cluichí Eorpach
- Cluichí Áiseach
- Cluichí Domhan
- Cluichí Ciúin
- Cluichí Oilimpeacha do Dhaoine óga
Tagairtí
- ↑ "Díobh siúd a shínigh an Forógra, is ainm an Phiarsaigh is mó atá luaite le foirne spóirt, ach ba ar Éamonn Ceannt a chuir an Pápa fios" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-07-03.
Naisc sheachtracha
- Suíomh oifigiúil na gCluichí Oilimpeacha
- Suíomh oifigiúil na gCluichí Oilimpeacha sa bhliain 2012 i Londain
- Suíomh oifigiúil Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh sa bhliain 2010 i Vancouver Curtha i gcartlann 2010-02-28 ar an Wayback Machine
- Suíomh oifigiúil na gCluichí Oilimpeacha sa bhliain 2008 i mBéising Curtha i gcartlann 2009-02-07 ar an Wayback Machine
- Suíomh oifigiúil Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh sa bhliain 2006 i dTorino Curtha i gcartlann 2005-09-07 ar an Wayback Machine
- Suíomh oifigiúil Chluichí Oilimpeacha an tSamhraidh sa bhliain 2004 san Aithin
- Suíomh oifigiúil Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh sa bhliain 2002 i gCathair Salt Lake Curtha i gcartlann 2007-12-08 ar an Wayback Machine