Is contae in oirdheisceart Pennsylvania é Bucks. Sa bhliain 2010 bhí cónaí ar 625,249 duine i gcontae Bucks, suas ó 597,635 duine sa bhliain 2000. Is í contae Bucks an contae leis an ceathrú daonra is airde i bPennsylvania. Is é Doylestown príomhbhaile an chontae, agus is é Bensalem an baile leis an daonra is mó sa gcontae. Tá an contae 1,610 km2 san iomlán.
B'as Contae Bucks do Margaret Mead, antraipeolaí, agus James A. Michener, scríbhneoir. Chuir beirt scríbhneoirí aithnidiúla eile fúthu ann, mar atá, Dorothy Parker agus S. J. Perelman.
Teangacha
De réir daonáireamh S.A.M. 2000 is í Béarla an teanga is comónta i gcontae Bucks agus í an phríomhtheanga do 510,815 (91.51%) duine sa chontae. Bhí Spáinnis an dara teanga is comónta sa chontae agus í an phríomhtheanga do 12,860 (2.3%) duine, bhí Rúisis an tríú teanga is comónta agus í an phríomhtheanga do 5,980 (1.07%) duine sa chontae. Sa bhliain chéanna bhí Gaelainn an phríomhtheanga do 120 (0.02%) duine i gcontae Bucks.
Rinne William Levitt an dara Levittown sna Stáit Aontaithe a thógáil i gContae Bucks sna 1950idí, rud a chuir go mór le daonra an chontae.
Allegheny Mountains • Allegheny National Forest • Allegheny Plateau • Atlantic Coastal Plain • Bald Eagle Valley • Blue Ridge • Central • Coal Region • Cumberland Valley • Delaware Valley • Dutch Country • Eastern • Endless Mountains • Great Valley • Mahoning Valley • Happy Valley • Laurel Highlands • Lehigh Valley • Main Line • Moshannon Valley • Nittany Valley • Northeastern • Northern Tier • Northwestern • North Penn Valley • Ohio Valley • Oil Region • Oley Valley • Pennsylvania Highlands • Penns Valley • Philicon Valley • Piedmont • Pocono Mountains • Ridge and Valley • Saucon Valley • South Central • Southeastern • Southern • Southwestern • Susquehanna Valley • Western • Wyoming Valley