Is stát de chuid S.A.M. é Delaware agus é suite in oirthear na tíre ar an gcósta Atlantach. Ba é Delaware an chéad stát a ghlac le Bunreacht Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus mar sin tugtar an leasainm "An Chéad Stát" uirthi. Tá teorainneacha ag Delaware le Maryland, Pennsylvania, Virginia agus New Jersey. 'S é Delaware an dara stát is lú sa tír ó thaobh achar de agus an 46ú stát maidir le daonra. Tá Delaware ainmnithe i ndiaidh Thomas West, an tríú Barún De La Warr, uasal Sasanach agus an chéad ghobharnóir ar an choilíneacht úd.
Teangacha
Sa bhliain 2000 bhí Béarla mar phríomhtheanga ag 91% de dhaonra Delaware (aois 5+). Spáinnis an phríomhtheanga ag 5% den daonra. Ba í an Fhraincis an phríomhtheanga ag 0.7% den daonra, Sínis an phríomhtheanga ag 0.5% agus Gearmáinis an phríomhtheanga ag 0.5%.