Edward Victor Appleton
Fisiceoir a rugadh i mBradford Shasana ab ea Sir Edward Victor Appleton (6 Meán Fómhair 1892 – 21 Aibreán 1965). Rinne sé taighde ar cháithníní luchtaithe (iain) san atmaisféar, agus i 1925 d'aimsigh ciseal díobh san atmaisféar uachtarach ina raibh na hiain tiubh. 200-400 km in airde atá ciseal seo Appleton, a dtugtar an F-chiseal air freisin. Trí thionóisc, frithchaitheann an ciseal luchtaithe seo gearrthonnta raidió ar ais go dtí dromchla an Domhain i bhfad óna bhfoinse. Leis seo is féidir teileachumarsáid thar fhaid an-mhóra idir stáisiúin trí ghearrthonnta raidió a dhéanamh. Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic i 1947 as a shaothar ar fhisic an atmaisféir uachtaraigh.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Edward Victor Appleton". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 46.