Eolaíocht na n-ábhar

Staidéar ar na hairíonna fisiciúla, ceimiceacha is innealtóireachta ábhar, de réir mar a chinneann a struchtúir mhicreascópacha na hairíonna sin, den chuid is mó. Tagann modhanna caighdeánacha tástála meicniúla ón innealtóireacht agus modhanna fisiciúla is ceimiceacha scrúdaithe ar struchtúr ábhar (le leictreonmhicreascópacht, mar shampla) san áireamh chun na naisc idir comhábhair is comhpháirteanna éagsúla in ábhair a thuiscint.
Ábhar

Tháinig oiread iontach ábhar nua amach as an eolaíocht seo: mar shampla,
- rubar seoltach,
- gloiní miotalacha,
- ceirmeacht le húsáid in innill gluaisteán,
- miotail ar leith i gcomhair aerárthach,
- snáithínghloine is comhábhair threisithe le snáithíní carbóin le húsáid i dtrealaimh spóirt,
- ábhair nua i gcomhair ionphlanduithe sa cholainn nach ndiúltóidh an cholainn dóibh.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eolaíocht na n-ábhar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 247.