Explorer 1
| |||||||||||||||||||||
Cineál misean | saitilít shaorga | ||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Oibritheoir | Army Ballistic Missile Agency (en) | ||||||||||||||||||||
Ainmniú Harvard | 1958 Alpha 1 | ||||||||||||||||||||
NSSDCA ID | 1958-001A | ||||||||||||||||||||
Uimh. SATCAT | 00004 | ||||||||||||||||||||
Fad an mhisin | 9,590,400 | ||||||||||||||||||||
Airíonna árthaigh | |||||||||||||||||||||
Monaróir | Jet Propulsion Laboratory | ||||||||||||||||||||
Mais | pálasta: | ||||||||||||||||||||
Cumhacht | 60 W | ||||||||||||||||||||
Tús an mhisin | |||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||
Feithicil lainseáil | Juno I | ||||||||||||||||||||
Deireadh an mhisin | |||||||||||||||||||||
Teagmháil dheireanach | 23 Bealtaine 1958 | ||||||||||||||||||||
Athiontráil | 31 Márta 1970 | ||||||||||||||||||||
Gníomhachtaigh fithiseach
| |||||||||||||||||||||
Liosta | |||||||||||||||||||||
An chéad satailít spáis de chuid na Stát Aontaithe, a lainseáladh i 1958 mar chomhoibriú idir gníomhaireacht na ndiúracán bailistíoch san arm is saotharlann scairdtiomána Institiúid Teicneolaíochta California (a tugadh le chéile níos déanaí i NASA). Spásárthach simplí 14 kg ab ea í, a lainseáladh le roicéad Redstone (Jupiter-C) ó Cape Canaveral i bhFlorida. Ar bord bhí ionstraimí bunúsacha chun radaíocht a bhrath is a chomhaireamh, a tógadh in Ollscoil Iowa. D'fhionn sé na criosanna de cháithníní ardfhuinnimh luchtaithe atá sáinnithe i réimse maighnéadach an Domhain, ar tugadh criosanna Van Allen orthu as James Van Allen ó Ollscoil Iowa a bhí i bhfeighil na dtomhas seo. Go luath ina dhiaidh sin tugadh an t-ainm ginearálta Explorer ar shraith aistear satailítí i bhfithisí domhanda chun turgnaimh shimplí fisice is réaltéolaíochta a dhéanamh.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Explorer 1". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 250.