Fóraiminiféar
Foraminifera | |
---|---|
Ammonia tepida | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Chromista |
Fíleam | Foraminifera A.D.Orb., 1826 |
Is prótasón é fóraiminiféar, cosúil le haiméibe, a thálann sliogán seachtrach, cailcreach is cuasach de ghnáth. Itheann is gluaiseann sé trí phróisis phrótaplasmacha, sínte amach trí oscailtí sa sliogán. Orgánach muirí den chuid is mó. Cruthaíonn a n-iarsmaí dríodar ar an ngrinneall a dtugtar láib fhoramainiféarach air, agus bíonn cuid mhaith iontaisí ann.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Foramainiféaran". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 280.