Fóram Eacnamaíoch Domhanda


Bosca Sonraí EagraíochtaFóram Eacnamaíoch Domhanda
(en) World Economic Forum Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
(2016) Cuir in eagar ar Wikidata

ManaCommitted to improving the state of the world Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrWEF Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáleagraíocht neamhbhrabúis
eagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlífoundation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1971
Eanáir 1971
Bunaitheoir(í)Klaus Schwab (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ócáid shuntasach
Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball deCoalition for Epidemic Preparedness Innovations Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar suntasach
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtBørge Brende Cuir in eagar ar Wikidata
Stiúrthóir/bainisteoirKlaus Schwab (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe550 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinweforum.org Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: worldeconomicforum X: wef Instagram: worldeconomicforum Threads: worldeconomicforum LinkedIn: world-economic-forum Youtube: UCw-kH-Od73XDAt7qtH9uBYA TikTok: worldeconomicforum Flickr: 15237218@N00 Cuir in eagar ar Wikidata

Eagraíocht neamhrialtasach, suite in Davos na hEilbhéise, is ea an Fóram Eacnamaíoch Domhanda (nó FED).[1] Freastalaíonn grúpa mór éagsúil daoine ar Chruinniú Bliantúil an Fhóraim, i mí Eanáir gach bliain, lena n-áirítear ceannairí polaitiúla agus gnó, cinn eagraíochtaí idirnáisiúnta, cinn eagraíochtaí neamhrialtasacha agus daoine ó na meáin idirnáisiúnta.

Eagraíocht

Freastalaíonn daoine mór le rá i ndomhan na polaitíochta agus i saol an ghnó agus an chultúir srl, ó gach cearn den domhan, ar Chruinniú Bliantúil an Fhóraim. Bíonn raon leathan cruinnithe polaitiúla agus gnó ar siúil san Fhóram i mí Eanáir gach bliain, mar aon le roinnt agallamh a dhéanamh leis na meáin idirnáisiúnta.[2] Trí fhreastal ar an gcruinniú, faigheann polaiteoirí agus daoine eile deis chun teachtaireachtaí tábhachtacha a chur in iúl do spriocphobal idirnáisiúnta maidir lena ndearcadh féin i leith saincheisteanna domhanda tábhachtacha..[3]

Tionóladh an chéad Fhóram sa bhliain 1971; bhunaigh innealtóir Gearmánach, Klaus Schwab, é.

Conspóidí

Ní chloistear go minic in Davos "athdháileadh maoine" nó rud éigin faoi na bunchúiseanna atá leis an mbochtaineacht. Chun an spotsolas a dhíriú ar na fadhbanna seo, foilsíonn Oxfam tuarascáil bliantúil amach ag an am céanna leis an bhFóram i mí Eanáir.. in 2023 mhaígh Oxfam go bhfuil an ceathrú cuid de shaibhreas na hÉireann ag an 1% daoine is saibhre in Éirinn.[4][5]

Gaeilge

Sa bhliain 2018, bhí scéal an ‘duine beag’ agus an fhoclóra Ghaeilge i measc bhuaicphointí an Fhóraim in Davos. B'í an feachtasóir Sinéad Burke, ar éirigh léi bheith istigh a fháil sa bhfoclóir don téarma ‘duine beag’, an t-aon bhean as Éirinn a bhí ag labhairt ag an bhFóram in 2018. Labhair Burke, ar rugadh í agus acondrapláise nó an ghearrghéagacht uirthi, mar chuid den phlé faoi ‘Chothú na hUileghabhálachta’ agus faoina feachtas chun aird a tharraingt ar an ngá le freastal níos fearr a dhéanamh i gcúrsaí deartha  faisin ar dhaoine faoi mhíchumas.[6]

Féach freisin

Tagairtí

  1. i mBéarla, World Economic ForumWEF
  2. gov.ie (2024-01-17). "Taistealaíonn an tAire McGrath chuig an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda chun freastal ar shraith imeachtaí caidrimh pholaitiúil agus gnó" (ga-IE). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2025-01-21.
  3. Nuacht RTÉ (2016-01-21). "Cruinniú ag an Taoiseach le David Cameron" (as ga-IE). 
  4. politics.ie (2013-04-23). "Na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Na SFI / SDGs - An Clár Forbartha Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe (2016-2030)" (ga-IE). Politics.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-01-21. Dáta rochtana: 2025-01-21.
  5. extrag.ie (2023-01-19). "Tá roinnt billiúnaithe all fur coat & no knickers: Varadkar" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-01-21.
  6. "FÍSEÁN: Scéal an ‘duine beag’ agus an fhoclóra Ghaeilge i measc bhuaicphointí an World Economic Forum in Davos" (ga-IE). Tuairisc.ie (2018-01-24). Dáta rochtana: 2025-01-21.