Fiabhras
![]() ![]() | |
Cineál | comhartha cliniciúil agus neurological and physiological symptom (en) ![]() ![]() |
---|---|
Cóireáil chliniciúil | |
Cógais cógas, ibuprofen (en) ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() | |
Aicmiú | |
ICD-10 | R50 ![]() |
ICD-9 | 780.6 ![]() |
CIAP | A03 ![]() |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0114489 ![]() |
DiseasesDB | 18924 ![]() |
MedlinePlus | 003090 ![]() |
eMedicine | 217675 ![]() |
MeSH | D005334 ![]() |
UMLS CUI | C0015967 agus C0085594 ![]() |
Breoiteacht a ngabhann ardú teochta agus rith cuisle léi is ea fiabhras,[1] nó riocht cliniciúil ina n-éiríonn teocht na colainne os cionn uasteorainn an normail. Is gnáth le céad bliain nó níos mó teocht an othair a thomhas i scrúdú diagnóiseach.
Bíonn an teocht normálta ag 36.6-37.7 °C nuair a thomhaistear í le teirmiméadar reicteach. Braitheann teocht na colainne ar chothromaíocht idir táirgeadh teasa is cailliúint teasa, agus rialaíonn an hipeatalamas í. Cruthaítear fiabhras (a bheith fiabhrasach) nuair a chuirtear isteach ar an gcóras rialaithe seo ag ceimiceáin a dtugtar pirigéiní orthu, a fhuasclaítear nuair a dhéanann próisis phaiteolaíocha ar leith dochar do chealla sa cholainn.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/d4/Human_Body_Temperature_Scale.jpg/220px-Human_Body_Temperature_Scale.jpg)
Go minic, is de bharr ionfhabhtaithe a tharlaíonn fiabhras, ach is féidir an toradh céanna a bheith ar ailsí áirithe is ionfharchtadh miócairdiach (fíochán marbh cairdiach).[2]
Tagairtí
- ↑ "An Foclóir Beag: fiabhras" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2021-10-21.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fiabhras". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 264.