Fiabhras sutsugamúisí
![]() | |
Cineál | tíofas ![]() |
---|---|
Speisialtacht leighis | galair thógálacha ![]() |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | primary affect (en) ![]() ![]() ![]() ![]() |
Scrúduithe | scrúdú fisiciúil agus micreascópacht imdhíonfhluaraiseachta ![]() |
Cógais | |
Pataigineas | |
Suíomh | craiceann, faireog limfe, endothelium (en) ![]() ![]() |
Tarchur pataigineach | tick borne transmission (en) ![]() ![]() |
Cúis | Orientia tsutsugamushi ![]() |
Aicmiú | |
ICD-11 | 1C30.3 ![]() |
ICD-10 | A75.3 ![]() |
ICD-9 | 081.2 ![]() |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 31715 ![]() |
eMedicine | 971797 ![]() |
MeSH | D012612 ![]() |
Orphanet | 83317 ![]() |
UMLS CUI | C0036472 ![]() |
DOID | DOID:13371 ![]() |
Galar ionfhabhtaíoch a tharlaíonn, cosúil le tífeas, de bharr ionfhabhtaithe le baictéar den chlann rikettsia. Faigheann daoine é trí ghreamanna fíneog a mhaireann sa talamh ach atá in ann daoine a ghalrú. Aithníodh an galar den chéad uair i Honshu na Seapáine, ach tarlaíonn sé freisin in oirdheisceart na hÁise, an Indinéis, an India is Neipeal. Claonadh aige cur isteach ar dhaoine a shiúlann i réigiúin shléibhtiúla is fhoraoisithe, gnáthóga nádúrtha na fíneoige, in aimsir bhog sa bhfómhar nó go luath san earrach, mar a mbíonn na fíneoga an-ghníomhach. Tagann at dearg ag ionad an ghreama, agus leanann tinneas cinn, tuirse is fiabhras ard. Ina dhiaidh sin tagann othras ag an ionad sin agus déanann gearb shainiúil dhubh. Muna bhfaightear cóireáil le frithbheathaigh, féadfaidh aimhréidh i ndiaidh aimhréidhe tarlú: niúmóine, heipitíteas, agus rith fola ceirbreach. Is minic a fhaigheann duine bás leis.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fiabhras sutsugamúisí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 265.