Galar ionfhabhtaíoch, a gcuireann an baictéarsalmonella typhi tús leis, is ea fiabhras tíofóideach, a dtugtar fiabhras eintreach air freisin. Faigheann duine é trí bhia nó deoch atá truaillithe le faecas duine ghalraithe.
Scaiptear é go minic i soláthar uisce nó le linn ullmhú bia. Is iad na siomptóim a bhaineann leis ná fiabhras ard, sáimhríocht, cráphianta, buinneach, gríos ar an mbolg, agus níos déanaí, rámhaille is cóma.
Má thagann duine slán, bíonn sé ina iompróir ainsealach ag an ngalar agus eisfhearann na baictéir ina fhaecas an t-am ar fad.
Chun an galar a sheachaint, is gá cloí le córacha maithe sláintíochta is caighdeáin arda sláinteachais in ullmhú bia is dí. Is inmhianaithe go mór go mbeidh daoine atá le taisteal i réigiúin ar leith den domhan (an India, mar shampla, mar a bhfuil an galar seo eindéimeach) vacsaínithe ina choinne.[1]