Francis Beaufort
Meitéareolaí a saolaíodh san Uaimh ab ea Francis Beaufort (25 Bealtaine 1774 – 17 Nollaig 1857). Sa Chabhlach Ríoga faoi 1790, thairg sé scála oibiachtúil gaoithe i 1806 a luaitear fós sa mheitéareolaíocht. Rinne sé comhchoibhneas idir neart na gaoithe is an méid seoil a bhíonn oiriúnach do long lánrigeáilte. Ghlac Aimireáltacht na Breataine leis an scéim i 1838. Nuair a tugadh longa gaile isteach modhnaíodh an scála i dtéarmaí staid na mara, agus cuireadh luas tomhaiste na gaoithe san áireamh níos déanaí. Hiodragrafaí don Chabhlach Ríoga ó 1829. D'údaraigh sé aistir mara chun suirbhéireacht is mapáil a dhéanamh ar limistéir áirithe den Domhan (mar shampla, aistear an Beagle a raibh Charles Darwin air). Ainmníodh an mhuir ó thuaidh ó Alasca as.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Francis Beaufort". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 69.