Glicín
NH2-CH2-COOH, aigéad aimíneatánóch, solad gan dath le leáphointe 260 °C. Tuaslagtar go saor in uisce é. An t-aimíonaigéad is simplí, a fhaightear i ngach próitéin, beagnach, agus is féidir a fháil uathu trí hidrealú aigéadach. Bíonn sé i dtuaslagán mar svitirian, +NH3-CH2-COO-, le hian hidrigine aistrithe ón ngrúpa carbocsaile don aimíneaghrúpa.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Glicín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 321.