Halaigionalcán
Is comhdhúile sáithithe alafatacha iad na halaigionalcáin a fhoirmítear trí adamh halaigine a chur isteach ar alcán in áit adamh hidrigine.[1]
Ainmnítear iad mar seo a leanas, de réir rialacha an AIGCF (nó IUPAC sa Bhéarla); [2]
- Ainmnigh an slabhra carbóin is faide agus cuir an iarmhír -án leis.
- Ainmnigh an t-adamh nó na hadaimh halaigine mar réimír ag úsáid fluara-, clóra-, bróma- nó iada-.
- Do roinnt adamh halaigine, léirigh a líon le réimír amhail; dé-, trí, teitrea srl. agus léirigh a suíomhanna tríd an tslabhra a uimhriú ionas go bhfuil na huimhreacha ceangail chomh híseal agus is féidir, ag liostú na halaiginí in ord aibítreach.
- Léirigh láithreacht aon ghrúpaí ailcile ar an ghnáthdhóigh.
I 2-clórabútán | II 1-iada-2,2-démeitilprópán |
Tagairtí
- ↑ The Carbon—Halogen Bond.[1]
- ↑ "- HALAIGIONALCÁIN". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-02-06. Dáta rochtana: 2021-02-03.