Ionsaí Barcelona 2017
Cineál | vehicle-ramming attack (en) dúnmharú líonmhar | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | sceimhlitheoireacht Ioslamach sa Eoraip agus terrorism in Spain (en) | ||||
Dáta na bliana | 17 Lúnasa 2017 | ||||
Suíomh | Barcelona, An Spáinn , an Chatalóin, An Spáinn | ||||
Tír | an Spáinn | ||||
Rannpháirtí | |||||
Sprioc | coisí | ||||
Cúis | antoisceachas Ioslamach | ||||
Ba chúis leis | reactions to the 2017 Barcelona attack (en) | ||||
Líon básanna | Alcanar: 2 sceimhlitheoir Cambrils: 5 sceimhlitheoir Cambrils: 1 coisí La Rambla, Barcelona: 14 coisí Subirats: 1 sceimhlitheoir Zona Universitària: 1 íospartach | ||||
Líon gortaithe | 151 | ||||
Arm | Fiat Talento (en) | ||||
Haischlib | #OrgullBarcelona, #Notincpor, #TotsSomBarcelona, #TodosSomosCataluña agus #TodosSomosBarcelona |
Tharla eachtraí sceimhlitheoireachta Ioslamacha in oirthear na Spáinne ar an 16-18 Lúnasa 2018 . Bhí cúpla sceimhlitheoir páirteach sna ionsaithe.
Ag an am céanna, maraíodh beirt agus gortaíodh roinnt daoine eile in ionsaí sceana a rinneadh in Turku na Fionlainne.
Alcanar
Tharla pléasc ar an 16 Lúnasa 2017[1]. Maraíodh bean amháin. Scriosadh teach.
Las Ramblas
Tharla ionsaí i mBarcelona. Ar an 17 Lúnasa 2017, tiomáineadh veain bhán isteach i lár ghrúpa mór coisithe ar an bpríomhshráid (La Rambla (nó Las Ramblas), ag fágáil cúig duine dhéag marbh agus níos mó ná 130 gortaithe. Theith an tiománaí tar éis an ionsaithe (Younes Abouya, 22 bliain d'aois ó Mharacó - féach thíos).
Tharla an t-ionsaí thart ar 15h50 am na hÉireann. Bhí na sráideanna agus stáisiúin Metro agus traenach sa cheantar dúnta ag na póilíní ar feadh cúpla uair ina dhiaidh[2].
Cambrils
Cúpla sceimhlitheoireachta Ioslamach a bhí páirteach san ionsaí seo ar an 18 Lúnasa 2017[3]. Maráiodh cúigear. Mharaigh póilíní na Spáinne cúigear nuair a thiomáin siad carr faoi luas trí cheantar coisithe a bhí pacáilte le turasaóirí ag an am. Carr dubh don déanamh Audi a tiomáineadh faoi luas trí cheantar coisithe i mbaile mór turasóireachta Cambrils, 120 cilliméadar ó dheas do Bharcelona. Chaith na Mossos (gardaí) an cúigear a bhí sa charr, maraíodh ceathrar acu sin ar an dtoirt, agus bhásaigh an cúigiú duine níos déanaí.
Maraíodh bean amháin agus gortaíodh póilín agus 5 sibhialtach eile san ionsaí i Cambrills.
Sant Just Desvern
Maráiodh fear amháin, an tiománaí, ar an 17 Lúnasa 2017. Gortaíodh beirt Mossos (gardaí).
Subirats
Ar an 21 Lúnasa, i gceantar Subirats in iarthar Barcelona, d'éirigh le póilíní i Barcelona, Younes Abouya (22 bliain d'aois ó Mharacó) a mharú. Bhí pléascáin fáiscthe dá chorp aige. Deirtear gurb eisean a thiomáin an veain isteach i slua, a raibh bás 15 duine mar thoradh air.
Tagairtí
- ↑ https://www.ft.com/content/2b42c31a-836b-11e7-94e2-c5b903247afd
- ↑ https://www.rte.ie/news/nuacht/
- ↑ https://www.rte.ie/news/nuacht/2017/0818/898405-14-a-maraiodh-sa-da-ionsai-sceimhlitheoireachta-sa-spainn-inne/