Irving Langmuir
Ceimicí a rugadh i Nua-Eabhrac ab ea Irving Langmuir (1881-1957). Bhuaigh sé Duais Nobel na Ceimice i 1932 as a shaothar ar cheimic mhóilíneach dromchlaí, saothar a tháinig le bheith tábhachtach san imdhíoneolaíocht. Cáiliúil freisin as a chuidiú le forbairt an fheadáin fholúsaigh don raidió, agus modhanna chun ceimiceáin a scaipeadh i bhfoirm púdair ar scamaill chun báisteach nó sneachta a ionduchtú.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Irving Langmuir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 394.