Ispín
Sonraí | |
---|---|
Cineál | charcuterie (en) |
Príomh-chomhábhair | minced meat (en) , spíosra, blastán, salann, breiseán bia, sausage casing (en) , saill agus uisce |
Is éard atá i gceist le ispín ná feoil mhionaithe (putóga muca go minic) agus spíosraí tríthi, measctha le grabhóga aráin de ghnáth, agus í dingthe isteach i máilín de scannán ainmhíoch (stéigeanna ullmhaithe ainmhithe) nó, níos coitianta anois, polaiméirí carbaihiodráite inite.[1][2]
Is féidir iad a ithe ina iomlán nó iad a ghearradh go mín, agus is féidir ispíní a ithe fuar nó te. Is féidir le hispíní a bheith fliuch (le cócaireacht) nó tirim (réidh le n-ithe, cosúil le salámaí). Má tá siad fliuch, friochtar iad go minic.
Bíonn cinn ann breac le spíosraí agus ábhair eile chun blas faoi leith a thabhairt dóibh.
Tá cáil ar thíortha éagsúla amhail An Ghearmáin agus An Spáinn de bharr na hispíní a dhéantar iontu.
Itear ispíní mar chuid de chuid na maidine in Éirinn, ach déanta na fírinne, itear i rith an lae.
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ "An Foclóir Beag: ispín" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2023-06-07.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).