Ispín faoi fhuidreamh
Is éard atá in ispín faoi fhuidreamh ná ispín (brocaire te, de ghnáth) ar mhaide faoi bhrat tiubh fuidrimh déanta as min arbhair, agus domhainfhriochta. Tháinig sé chun cinn sna Stáit Aontaithe agus tá sé le fáil go coitianta i mbia Meiriceánach.
Tá sé curtha síos d’inimircigh Ghearmánacha a leaindeáil i dTexas, lucht déanta ispíní a fuair amach nach raibh an pobal áitiúil róthógtha lena gcuid ispíní, gurb iad an dream a thug an t-ispín faoi fhuidreamh isteach sna Stáit Aontaithe (cé gur tháinig an maide níos déanaí).[1]
Is minic a dhíoltar ispíní faoi fhuidreamh mar bhia sráide nó mar mhearbhia. Is féidir an t-ullmhúchán is fearr agus is úire a bhaint amach trí na hispíní a thumadh agus a fhriochadh díreach sula riartar iad.[2]
Gailearaí
-
Ispín faoi fhuidreamh agus mustard air
-
Cuireann mairnéalach ar bord an USS George Washington ispíní faoi fhuidreamh ar thráidire lena mbácáil.
-
Ispíní faoi fhuidreamh á dtéamh suas i siopa Seapánach
-
“Corny Dogs” á n-ithe ag Aonach Stáit Texas
-
Ispíní faoi fhuidreamh “tornádó” a dhíoltar sa Chóiré
-
Ispíní faoi fhuidreamh ar shráideanna Chathair Mheicsiceo
Tagairtí
- ↑ "The Science of Corn Dogs — CBS News".
- ↑ "Street Food — The Stranger" (2001).