Ceimicí, i measc bunaitheoirí na ceimice fisiciúla is na steiréiceimice, a rugadh i Rotterdamna hOllainne ab ea Jacobus Henricus van 't Hoff (30 Lúnasa1852 – 1 Márta1911). Rinne sé an tairiscint go bhféadfadh nádúr neamhshiméadrach a bheith ag naisc le hadaimh carbóin. Chuir sé airíonna teirmidinimiciúla imoibrithe ceimiceacha san áireamh den chéad uair riamh. Chruthaigh sé gur athraigh an brú osmóiseach go díreach leis an dearbhtheocht. Rinne sé taighde ar fhoirmiú salann dúbailte. Bhuaigh sé an chéad Duais Nobel na Ceimice sa bhliain 1911.[1]