Jeffrey Epstein
(2013) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Jeffrey Edward Epstein 20 Eanáir 1953 Brooklyn, New York |
Bás | 10 Lúnasa 2019 66 bliana d'aois Metropolitan Correctional Center, New York City (Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
Siocair bháis | Féinmharú cuidithe agus dúnmharú (Crochadh agus tachtadh) |
Áit adhlactha | Star of David Cemetery (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Courant Institute of Mathematical Sciences (en) Cooper Union Ardscoil Lafayette |
Áit chónaithe | Little Saint James (en) Palm Beach Herbert N. Straus House (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | duine den lucht gnó, múinteoir, baincéir |
Fostóir | Bear Stearns (en) Jeffrey Epstein VI Foundation (en) |
Teangacha | Béarla |
Glanfhiúchas | 559 M$ (30 Meitheamh 2019) |
Eile | |
Páirtí | Ghislaine Maxwell |
Athair | Seymour G. Epstein (en) agus Pauline Epstein (en) |
Siblín | Mark Epstein (en) |
Cúiseamh | Gáinneáil ar ghnéas |
Ciontaíodh i | sirtheoireacht prostitution of children (en) (2008) → (carcrú) |
Ciontóir gnéis mór le rá as na Stáit Aontaithe ba ea Jeffrey Epstein (20 Eanáir 1953 – 10 Lúnasa 2019).
Saol
Ciontaíodh Epstein i sraith cúiseanna a bhain le mí-úsáid ghnéis agus mangaireacht ban óg.[2] Cláraíodh Epstein mar chiontóir gnéis agus phléadáil sé ciontach i gcás i Florida in 2008 as striapachas a lorg ó chailín sna déaga.
Ach lean Epstein ar aghaidh ag gáinneáil cailíní sna 2010idí. D’fhéadfadh líon na n-íospartach a bheith níos mó ná 100.[3]
Gabhadh Epstein i mí Iúil 2019 ar tháillí feidearálacha gáinneála gnéis.[3] Chuir Epstein lámh ina bhás féin sa bpríosún ar 10 Lúnasa 2019.[4]
Níos déanaí
- Sa bhliain 2021, fuarthas a chara Ghislaine Maxwell ciontach i ngáinneáil ar cháilíní óga ar son Epstein
- I mí Iúil 2020, i Nua-Eabhrac, eisíodh cáipéisí a mhaíonn go ndearna Epstein iarracht fianaise inchoiritheach ar Phrionsa Andrew a fháil.[5] Deirtear sna páipéir gur chuir Epstein brú ar chailín faoi aois caidreamh collaí a thosú leis an Phrionsa ar oileán príobháideach in Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean.[6] Níor séanadh go raibh an prionsa cairdiúil le Epstein ach séanann sé go raibh sé páirteach in aon chuid de na heachtraí mídhleathacha a bhain leis na cailíní óga.[2] Faoi dheireadh bhí socrú déanta lasmuigh den chúirt idir Andrew agus Virginia Giuffre. Gheall Andrew go léireoidh sé aiféala as an gceangal a bhí aige leis an bhfear mór airgid,Jeffrey Epstein;go labhróidh sé amach in aghaidh gháinneáil ar ghnéas agus go dtacóidh sé leis na híospartaigh ar fad a d'fhulaing dá bharr.[7]
- Sa bhliain 2023, d'íoc an banc JP Morgan €270 milliún d’íospartaigh Epstein chun cás cúirte a shocraigh. Bhí caidreamh fadtéarmach ag JP Morgan le Epstein.[3] Mhaígh cás cúirte na n-íospartach gur thug JPMorgan neamhaird ar rabhadh arís agus arís eile go raibh Epstein ag gáinneáil cailíní sna déaga agus mná óg
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ Kat Tenbarge. "Jeffrey Epstein was a featured 'Bachelor of the Month' seeking 'a cute Texas girl' in a 1980 issue of Cosmopolitan" (en-US). Insider. Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ 2.0 2.1 Máirín Ní Ghadhra (13 Lúnasa 2021). "Ceist cumhachta agus cos ar bolg é mí-iompar an bheirt Andrew" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 "Íocfaidh banc JP Morgan €270 milliún d’íospartaigh Epstein" (en-GB) (2023-06-14). Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ RnaG (2019-08-13). "Niall Ó Muilleoir, tráchtaire." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ RnaG (2019-11-21). "Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle, An Bhreatain." (ga). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (2020-08-01). "1 Lúnasa 2020 (Tír Eoghain) - Nuacht Mhall (podcast)" (ga-IE). Listen Notes. Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-02-15). "Socrú lasmuigh den chúirt idir Andrew agus Virginia Giuffre" (as ga-IE).