John Douglas Cockroft
Fisicí núicléach a saolaíodh i dTodmorden Shasana ab ea John Douglas Cockroft (27 Bealtaine 1897 - 18 Meán Fómhair 1967). Tháinig sé le bheith ina stiúrthóir ar fhoireann fuinnimh núicléach na Breataine i 1946. Roinn sé Duais Nobel na Fisice le Ernest Walton i 1951 as a gcomhthaighde ar scoilteadh an adaimh i 1932. Trí sprioc litiam a imbhualadh le prótóin luasghéaraithe go dtí fuinneamh de 700 cilileictreon-vólta (keV) a rinneadar é seo. Tháirg sin drithlí alfa-cháithníní (núicléis héiliam), a chiallaigh gur claochlaíodh an litiam. Chuir an turgnamh seo tús le himbhuailteoirí sa bhfisic.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "John Douglas Cockroft". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 152.