Josef von Fraunhofer
![]() ![]() | |
Ainm sa teanga dhúchais | (de) Joseph Fraunhofer |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 6 Márta 1787 Straubing (An Impireacht Naofa Rómhánach) |
Bás | 7 Meitheamh 1826 39 bliana d'aois München (Cónaidhm na Gearmáine) |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Eitinn) |
Áit adhlactha | Alter Südfriedhof 48°07′37″N 11°33′50″E / 48.126972°N 11.563917°E ![]() |
Ollamh Acadamh Eolaíochtaí agus Daonnachtaí na Baváire | |
1824 – ![]() | |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fisic |
Gairm | fisiceoir, réalteolaí, ceimiceoir ![]() |
Fostóir | Ollscoil Ludwig Maximilian, München Mathematisch-Feinmechanisches Institut ![]() |
Ball de | |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Gradam a fuarthas | |
![]() ![]() |
Fisicí is radharceolaí a rugadh i Straubing na Gearmáine ab ea Josef von Fraunhofer (6 Márta 1787 – 7 Meitheamh 1826). Fágadh ina dhílleachta é nuair a bhí sé 11 bliain d'aois. Cuireadh ag obair mar phrintíseach é chuig gloineadóir a choinnigh lámh chrua leis. D'éirigh leis, áfach, sár-oilteacht ar dhéantús na gloine a bhaint amach. Is dócha nach raibh a shárú le fáil.
D'fheabhsaigh Fraunhofer priosmaí is teileascóip. Tháinig sé ar na línte (dathanna, tonnfhaid) dorcha i speictream na Gréine, a ainmnítear as ó shin. Línte iad seo atá dorcha de bharr ionsú na dtonnfhad sin ag dúile cosúil le cailciam, hidrigin, sóidiam, is maignéisiam. Sna cisil fhionnuara os cionn fótaisféar gealbhruthach na Gréine a tharlaíonn an t-ionsú seo.
Fuair von Fraunhofer bás in aois a 39 bliana le gal na dtrom-mhiotal, dála neart lucht déanta gloine eile san am.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Josef von Fraunhofer". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 287.