Amhránaí, cumadóir, léiritheoir, aisteoir agus bean ghnó Mheiriceánach atá i Stefani Joanne Angelina Germanotta, ar a dtugtar Lady Gaga uirthi ina saol proifisiúnta a rugadh i Nua-Eabhrac ar an 28 Márta 1986. Tá cáil uirthi freisin as a síorathraithe ina gairm i measc a hilchumas i dtionscadal an cheoil. Thosaigh Gaga ag casadh agus í fós ina déagóir, ag canadh ag oícheanta open mic (oícheanta a mbíonn cead ag gach éinne teacht isteach agus casadh) agus ag aisteoireacht i ndrámaí scoile. Rinne sé staidéar ag an Collaborative Arts Project 21, trí Tisch School of the Arts Ollscoil Nua-Eabhrac, sular éirigh sí as le gairm sa cheol a leanúint. Nuair a chuir Def Jam Recordings deireadh lena conradh, d’oibrigh sí mar chumadóir do Sony/ATV Music Publishing, áit ar shínigh sí comhchonradh le Interscope Records agus lipéad ceoil Akon, KonLive Distribution, sa bhliain 2007. Bhain Gaga clú agus cáil amach an bhliain dár gcionn lena céad albam riamh, The Fame (An Cháil, 2008) agus a shinglí a chuaigh go hard sna cairteacha mar Just Dance (Déan Damhsa) agus Poker Face (Strainc Phócair - strainc a chuireann tú ort féin le d’fhíormhothúcháin a choinneáil faoi rún). Atheisíodh an t-albam leis an CLF, The Fame Monster (Arracht na Cáile, 2009), a thug leis na singlí rathúla, Bad Romance (Droch-ghrá), Telephone (Teileafón) agus Alejandro.
Bhí tionchar ag rac-cheoltóirí ar nós David Bowie, Elton John agus Queen uirthi agus feictear é seo i gcúrsaí faisin agus sna físeanna ceoil a léiríonn sí. Tá cáineadh déanta ar roinnt de na físeanna atá déanta aici de dheasca na n-íomhánna a léiríonn sí iontu. Ach tá sé soiléir go bhfuil suim ag an bpobal inti mar go mbreathnaíonn breis agus billiún duine orthu ar YouTube.