Lus an easpaig
Aegopodium podagraria | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | planda inite |
Planda | |
Cineál an toraidh | aicéin |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Apiales |
Fine | Apiaceae |
Géineas | Aegopodium |
Speiceas | Aegopodium podagraria L., 1753 |
Planda ilbhliantúil atá dúchasach don Eoraip is an Áise mheasartha, ach a tugadh isteach i Meiriceá Thuaidh, is ea lus an easpaig.[1] Táirgeann na gais fhada dreaptha faoin talamh an iliomad buinneán duilleogach agus gas suas le 1 m ar fhad. Na duilleoga roinnte i dteascáin ubhchruthacha fhiaclacha suas le 8 cm ar fhad. Na bláthanna bána in umbail 2-6 cm ar leithead. Fiaile sheasmhach i ngairdíní. Uaireanta, itear na duilleoga úra, cosúil le spionáiste. D'úsáidtí é tráth mar chóireáil ar an ngúta, agus thugtaí fiaile (lus) an ghúta air.[2]
Tagairtí
- ↑ ““Aegopodium podagraria” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Lus an easpaig". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 424.