Máisiúnachas
|
|||||
![]() | |||||
Ainmnithe in ómós | saoirse agus saoirseacht chloiche ![]() | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Cineál | grúpa sóisialta fraternal organization (en) ![]() ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1717 | ||||
Le cuid | |||||
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/7/70/Square_compasses.png)
Is éard atá i gceist le máisiúnachas (freemasonry) ná eagraíocht shóisialta a tháinig ar an saol sna 17ú agus 18ú haoiseanna ar an laghad. Bhí an Eaglais Chaitliceach Rómhánach ariamh ina choinne.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/4f/Goose_and_Gridiron.jpg/192px-Goose_and_Gridiron.jpg)
Stair
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/d4/Mason%27s_Symbols%2C_Glenogle_Road_-_geograph.org.uk_-_1405306.jpg/220px-Mason%27s_Symbols%2C_Glenogle_Road_-_geograph.org.uk_-_1405306.jpg)
Bunaíodh an máisiúnachas i Sasana sa bhliain 1717 nuair a tháinig scata fear le chéile sa teach ósta Goose and Gridiron i Londain. Chuir siad an chéad Lóiste Mór ar bun.
Gearmáin na Naitsithe
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/d8/Josephinebaker.jpg/220px-Josephinebaker.jpg)
Scríobh Hitler nach raibh sna Máisiúin ach balbháin de chuid na comhcheilge Giúdaí, agus go raibh siad ag scaipeadh síochánachais a bhí ag cur fearúlacht agus cogúlacht an fhir Ghearmánaigh ó mhaith.[1]
Ar an 8 Eanáir 1934 sa Ghearmáin, cuireadh cosc leis an máisiúnachas ar fad. Choigistigh Roinn Gnóthaí Inmheánacha na Gearmáine maoin agus fáltas na gcraobhacha máisiúnacha. Aon duine a bhí ina mháisiún nuair a shealbhaigh Hitler an chumhacht sa Ghearmáin, ní raibh cead aige ballraíocht a lorg i bpáirtí na Naitsithe ná oifig phoiblí a shealbhú.
Dhearc an páirtí ar na máisiúin mar naimhde ar chúiseanna idé-eolaíochta. Dá bharr sin, bhí ar na máisiúin sna campaí géibhinn níos déanaí triantán dearg a chaitheamh lena stádas mar chimí polaitiúla a thaispeáint don tsaol ina dtimpeall.
Is deacair a rá, cé mhéad máisiún a maraíodh sna campaí géibhinn. Creidtear go bhfuil an figiúr ceart suite idir ochtó míle agus dhá chéad míle.[2][3]
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/85/Masonic_Hall%2C_Hamilton_Road_-_geograph.org.uk_-_934665.jpg/192px-Masonic_Hall%2C_Hamilton_Road_-_geograph.org.uk_-_934665.jpg)
In Éirinn
Ceaptar gur bunaíodh an chéad Lóiste Mór in Éirinn sa bhliain 1725. Is é an Lóiste Mór Éireannach an dara ceann ar domhan dár bunaíodh agus is é an ceann is sine dá maireann inniu. Tá ceanncheathrú an Lóiste i Halla na Máisiún, Sráid Theach Laighean.
Láithreán gréasáin
- Database of Masonic material, Ollscoil Bradford Curtha i gcartlann 2007-09-29 ar an Wayback Machine (as Béarla)
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/4a/Commons-logo.svg/30px-Commons-logo.svg.png)
Tagairtí
- ↑ "Freemasonry under the Nazi Regime" (en). encyclopedia.ushmm.org. Dáta rochtana: 2021-01-08.
- ↑ "Freemasonry" (en). encyclopedia.ushmm.org. Dáta rochtana: 2021-01-08.
- ↑ "Bernard Fay". www.masonicinfo.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-26. Dáta rochtana: 2021-01-08.