Mac siobháin
Gobiidae ![]() | |
---|---|
![]() Rhinogobius flumineus ![]() | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Actinopteri |
Ord | Gobiiformes |
Fine | Gobiidae ![]() Cuvier, 1816 |
Is baill den fhine Gobiidae iad na mic shiobháin, fine iasc cnámhach san ord Gobiiformes. Tá sé ar cheann de na finte iasc is mó ar domhan, a bhfuil níos mó ná 2,000 speiceas agus níos mó ná 200 géineas ann. Tá an chuid is mó acu measartha beag, go hiondúil níos lú ná 10 cm ar fad. Áirítear leis na Gobiidae cuid de na veirteabraigh is lú ar domhan, mar shampla Trimmatom nanus agus Pandaka pygmaea.