Margaret Sanger
Gníomhaí breithrialaithe agus oideachas gnéis Meiriceánach ab ea Margaret Higgins Sanger (Née Margaret Louise Higgins; 14 Meán Fómhair 1879 – 6 Meán Fómhair 1966).
Altra a bhí inti agus d'éirigh sí ina scríbhneoir faoi na téamaí a bhain lena cuid gníomhaíochta. Chuir sí an chéad chlinic bhreithrialaithe sna Stáit Aontaithe ar siúl. Deirtear gur ise a chuir na focail "birth control" (breithrialú) i mbéal na ndaoine.
Chuir sí eagraíochtaí ar bun. Mar shampla sa bhliain 1921, bhunaigh sí an American Birth Control League (d’athainmneofaí é Planned Parenthood i 1942).
Rugadh Sanger i 1879 in Corning, Nua-Eabhrac. De shliocht Éireannach í ar an dá thaobh. Fuair sí bás in Tucson, Arizona.