Montserrat Caballé
Amhránaí sopráin ceoldrámaíochta Catalónach ab ea Montserrat Caballé i Folch (12 Aibreán 1933[1] – 6 Deireadh Fómhair 2018).[2] Thabhaigh sí clú leis an mbealach a léirigh sí rólanna móra an bel canto, mar shampla saothair Rossini, Bellini, agus Donizetti. Tharraing sí clú idirnáisiúnta nuair a d'imir sí ról in Lucrezia Borgia, ceodráma de chuid Donizetti, in Carnegie Hall i Nua-Eabhrac sa bhliain 1965, agus de bharr í ar stáitsí tithe ceoldrámaíochta eile ina dhiaidh sin. Cuirtear síos ar a guth mar cheann láidir le smacht so-athraithe, go mór mór sa stíl pianissimo.
Beathaisnéis
Rugadh Caballé in Barcelona ar 12 Abreáin 1933.[3]. Ní raibh cor an teaghlaigh rómhaith ó thaobh airgid de, é sin mar gheall ar Chogadh Cathartha na Spáinne.[3]
Tagairtí
- ↑ Magazine dominical de la Vanguardia, 8 Iúil 2012, lch. 27, "Cumplí 79 años en abril"
- ↑ Montserrat ha acceptat que es va posar cinc anys més per poder entrar al Conservatori del Liceu segons està documentat al llibre de Roger Alier
- ↑ 3.0 3.1 Smith, Bonnie G.. "The Oxford Encyclopedia of Women in World History". Oxford University Press.