Muir Éireann
Is éard atá i Muir Éireann ná an mhuir idir oileán na Breataine agus oileán na hÉireann. Lastuaidh den mhuir atá Sruth na Maoile idir Tuaisceart Éireann agus Albain, agus laisteas den mhuir atá an Mhuir Cheilteach. Níl a lán iascaireachta ann a thuilleadh de bharr na diomailte tocsainí ó stáisiúin chumhachta nuicléacha na Breataine, Sellafield mar shampla.