Níolón

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachNíolón

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachgroup or class of chemical substances (en) Aistrigh
Dáta fionnachtana nó tionscnaimh1935

Ábhar tacair, a fhaightear as peitriliam, agus a ndéantar stocaí, léinte, rópaí, srl, is ea níolón.[1] Polamíd, atá éadrom leaisteach láidir buanfasach, is ea é. Tá níolón áisiúil i bhfoirm shnáithíneach is sholadach.[2] Tá An-chuid úsáidí éagsúla ag níolón i rópaí, téada bonn, comhpháirteanna innealtóireachta, feistis tí agus éadaí.

Stair

  • Táirgeadh níolón don chéad uair riamh sa chomhlacht DuPont, Delaware ar an 28 Feabhra 1935.
  • Raon snáithíní saorga a rinne comhlacht DuPont don chéad uair i 1938.
  • Ar an 23 Deireadh Fómhair 1939, díoladh riteoga níolóin don chéad uair riamh i Wilmington, Delaware.
  • Táirgeadh níolón don chéad uair riamh sa Bhreatain ar an 23 Eanáir 1941 sa mhonarcha British Nylon Spinners i gCoventry.
  • Sa tréimhse iarchogaidh, bhí tionscal an éadaigh athraithe as éadan ag an níolón.

Ceimic

Polaiméiriú comhdhlúthúchái

Féach freisin

Féach freisin

Tagairtí

  1. "An Foclóir Beag: níolón" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2022-01-23.
  2. Matt Hussey, Fréamh an Eolais, Coisceim 2012.