Real Sociedad de Fútbol
Is club peile Bascach é Real Sociedad de Fútbol a imríonn i Staid Anoeta i gcathair Donostia-San Sebastián in Guipúzcoa i dTír na mBascach. Tar éis 40 bliain a chaitheamh sa Primera División de España chaill sé a stádas ar lá deireanach an tséasúir an 17 Meitheamh 2007.