Robert Boyle
Eolaí Angla-Éireannach ab ea Robert Boyle (25 Eanáir 1627 - 30 Nollaig 1691), a thuill an teideal Athair na Ceimice de bharr a chuid oibre.
'Athair na ceimice'
Cháin Boyle teoiricí an ama ar dhamhna, agus thairg teoiric adamhach[1].
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/15/Boyles_Law_animated.gif/220px-Boyles_Law_animated.gif)
Rinne Boyle turgnaimh chuimsitheacha le caidéil aeir chun airíonna folúis a scrúdú: thaispeáin sé nach bhforleathann fuaim i bhfolús, go dtiteann cleite níos tapa ann ná san aer, go múchtar coinneal ann, agus go bhfaigheann ainmhithe bás ann. D'fhorbair sé "dlí Boyle” na ngás (pV = tairiseach), is é sin go bhfuil brú (P) is toirt (V) an gháis comhréireach go hinbhéartach lena chéile ag teocht thairiseach.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/59/Robert_Boyle_portrait_shifted.jpg/177px-Robert_Boyle_portrait_shifted.jpg)
D'fhoilsigh Boyle an leabhar Sceptical Chymist (Ceimicí Amhrasach, 1661) agus bhunaigh sé an Cumann Ríoga an bhliain chéanna.
Saol
Rugadh agus tógadh Boyle i gCaisleán Lios Móir i gContae Phort Láirge, agus fealsúnaí nádúrtha a bhí ann.
Cor cinniúnach i stair na tíre agus i stair na Gaeilge ab ea foilsiú Shean-Tiomna Bedell sa bhliain 1682. Ba le hairgead Boyle a foilsíodh an chéad leagan Gaeilge den tSean-Tiomna i 1685.[2] Bhí Boyle ina stiúrthóir ar Chomhlacht na hlndia Thoir.
Nasc seachtrach
- Robert Boyle, Athair na Ceimice Curtha i gcartlann 2007-03-12 ar an Wayback Machine Alt faoi Rhobert Boyle ar Éire Intliúil
Tagairtí
- ↑ dar le Matt Hussey, Fréamh an Eolais, l86
- ↑ Coinnímis in Éirinn é’ – feachtas ar bun chun an chéad aistriúchán Gaeilge ar an Sean-Tiomna a cheannach https://tuairisc.ie/coinnimis-in-eirinn-e-feachtas-ar-bun-chun-an-chead-aistriuchan-gaeilge-ar-an-sean-tiomna-a-cheannach/