ScríbhneoirSasanach ab ea Joseph Rudyard Kipling (30 Nollaig 1865 - 18 Eanáir1936) a bhfuil a scéalta cuimhnithe go príomha dá bharr cheiliúradh impiriúlachais na Breataine dá chuid, scéalta agus dánta de shaighdiúirí na Breataine san India, agus a scéalta le haghaidh páistí.
Rugadh Kipling i Bombay (Mumbai), India do Alice Kipling (née MacDonald) agus John Lockwood Kipling. Chas an bheirt acu ag Loch Rudyard in Rudyard, Staffordshire, Sasana. Bhí siad chomh tógtha sin leis an áilleacht de chuid na háite gur thug siad an t-ainm féin dá mhac.
Seoladh Rudyard Kipling ar ais go dtí Sasana é agus é 5 bliana d'aois.
Scríbhneoireacht
Tháinig an clú is mó ar Kipling lena scríbhneoireacht ficsin:
The Jungle Book (sraith scéalta a bhfuil 'Rikki-Tikki-Tavi' mar cheann acu),
Kim (scéal tinrimh),
neart gearrscéalta mar 'The Man Who Would Be King',
agus a chuid dánta, mar Mandalay, Gunga Din, agus If—.