Samuel Pierpont Langley
Réalteolaí is ceannródaí san aerloingseoireacht a rugadh i mBostún ab ea Samuel Pierpont Langley (22 Lúnasa 1834 – 27 Feabhra 1906). Cheap sé an bólaiméadar, ionstraim chun teasradaíocht na Gréine a thomhas. An chéad duine a thóg meaisín eitilte níos troime ná aer, arbh aerárthach mionsamhlach galfhuinnmhithe é. 3ú rúnaí ar an Smithsonian Institution a bhí ann chomh maith.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Samuel Pierpont Langley". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 394.