Seiceamar
Acer pseudoplatanus | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | maple wood (en) |
Planda | |
Cineál an toraidh | samár |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 193856 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Sapindales |
Fine | Sapindaceae |
Géineas | Acer |
Speiceas | Acer pseudoplatanus L., 1753 |
Is crann scaipeach duillsilteach é an seiceamar (nó seiceamóir). Is é Acer pseudoplatanus a ainm Laidine.[1] Fásann 35 m ar airde, agus tá sé dúchasach do lár is deisceart na hEorpa agus iarthar na hÁise. Na duilleoga 10-15 cm ar leithead, roinnte go bosach i 5 mhaothán fiaclach. Na bláthanna scothbhuí gan pheitil i gcrobhaingí crochta. Fástar go forleathan é mar mhaisiúchán is foscadh. Téann sé chun síl agus scaipeann gan bhac. Tá an seiceamar cosúil leis na crainn maiple atá sa ghéineas Acer chomh maith, agus mar sin gaolta leis.[2]
Tagairtí
- ↑ ““sycamore” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-12.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Seiceamar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 590.